School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain

Filter stories

Back
/ 154 Forward
Resolution: Low | High
Teach Mór an Chnoic

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó bhí fear bocht ag dul thart ag tóireacht déirce. Chuir sé isteach ar an dteach seo ag tóireacht lóistín le linn na h-oidhche. Ní bhéarfadh siad an lóistín dó agus dubhairt sé “Céard a dhéanfaidh mé chor ar bith, beidh mé amuigh go maidin.” D’iarr sé ar fear an tighe cá bhfuigheadh sé a lóistín. Chuaidh fear an tighe amach agus theasbán sé Teach Mór a’ Chnuic dó. Chuaidh an fear bocht isteach i dTeach Mór a’ Chnuic agus bhí na céadta daoine istigh ann. Ní raibh fear ná bean sa teach ’nar iarr air cé chaoí bhfuil sé, a ainm agus a chómhnuidhe. Fuair sé suipéir breágh agus bhí ith agus ól ann. D’iarr siad air cé cur annsin é. “Chuir fear as ‘Leagtha Beag’ annseo mé” ar seisean. “Téigh go dtí an teach sin arís amárach agus beidh sgéal eile le n-innseacht acu duit” arsa na sidheóga.
Nuair a dhúisigh sé ar maidin bhí a cheann leagtha ar chloch agus gan clogann ar an teach. Smaoineamh sé ar na rudaí adubhairt na sidheóga leis agus chuaidh sé go Leagtha Beag agus bhí fear an tighe ag feannadh an bó is fearr

(continues on next page)
Collector
Nóra Ní Cadhain
Gender
female
Age
12
Address
Athenry, Co. Galway
Informant
Pádraic Ó Breathnach
Gender
male
Age
68
Address
Park, Co. Galway
Language
Irish