School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eoghanacht
- XML Page 059
- XML “Cleasanna agus Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)druim air. thosuighid
is ag cur an rópa thart annsin ó dhuine go duine faoi na n-iosgaidibh -- bhiodh a nglúna bunate buailte ar a chéile. Agus bhíodh an fear lár ag iarradh gréin fhágáil i lámaibh duine eicint. dá bhfuigeadh chaithfeadh an duine a bhfuighfí an rópa aige seasamh suas agus dhul i lár báire. Bíodh chuile dhuine ag fuagairt i n-árd a gotha "Tharraidh é, Tharraidh é. Sgaoilidh tharraidh é." leis an fear láir a chur amú agus nuair abheadh a nglúna bualite ar a chéile agus iad ag cur an rópa thart go scioptha badh deacair d'on fhear láir é fatháilt amach. Nuair a bheadh sé i ngréim i nduine b'féidir seádh geobhfad sé iarradh d'en rópa aniar ar a dhruim ó dhuine eile. Bhíodh an-spóirt ag baint leis. Níl fhios agam cen ciall le "Íaicir" no céin fáth a tugath an t-ain sin air.
Cluire na Cluaise. Bíodh duine 'na suidhe ar stól agus a dhá bhois ar a shúilibh duine eile ambíodh a dhruim leis. Lán an tighe de stócaighibh thart. Lámh an duine a mbeadh an puicín air sínte amach; bhuaileadh duine eicint iarradh ar a láim. Bhainfidhe an puicín de annsin agus tugtai spás dó le déanamh amach ce bhuail é. Dá bhfeadadh sé ainm a chur air chaithfeadh seisean dul na áit acht muna bhféadadh gabhfadh an puicín air arís agus bhuailfidhe iarradh eile air agus mar sin go gcuirfeadh sé ainm ar an té a bhuail é.(continues on next page)- Collector
- Micheál Ó Flannagáin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Informant
- Séamus Ó Flártaigh
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Siúinéir
- Táilliúir
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway
- Informant
- Seánín Taim Ó Direáin
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Address
- Sruthán, Co. Galway