School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 012
  3. XML “Báitear Lán Loinge mar gheall ar Aon Duine Amháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Báidhtear lán luinge mar gheall ar aon duine amháin."
    Bhí Ár Slánuightheóir, Moladh go deó leis, ag siubhal lá cois na fairrge agus bhí Naomh Peadar in éinfheacht leis. Chonnacadar long dhá bháitheadh sa bhfairrge agus bhí an fuireann uilig ag béideadh agus ag iarradh cabhair acht gan aon chabhair i ngán dóibh. "Nach bocht an cás é sin" adeir Naomh Peadar. "Fuireann an bháid sin bheith dá báitheadh agus gan muide i ndon foirtint orthu. "Tá fuireann an báid sin dhá bháitheadh mar gheall ar aon duine amháin aderi an Slánuightheóir. "Is aisteach an rud é sin" adeir Naomh Peadar. "Céard a rinne tusa ar ball" adeir an Slánuighdheóir "leis an nead smeacha a casadh leat nuair chuir ceann e na smeachaibh gut in do láimh." "Leag mé mo chos ar an nead agus mharbhuigh mé na smeacha ar fad" adeir Naomh Peadar "Mar gheall ar aon smeach amháin a rinne dochar" adeir an Slánuightheóir. "Mar sin a bháidtear lán luinge mar gheall ar aon duine amháin."
    Séamus Ó Hárthaigh: (féach leath. 26) a d'innis an scéal seo do Mícheál Ó Hannagáin - a inghean Brighid Ní Fhlannagáin a scríobh amach é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Collector
    Micheál Ó Flannagáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Flártaigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway