School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 025
  3. XML “Na Scoileanna insan tSeanaimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na sgoileanna ins an t'sean aimsir.
    An céad máighistir sgoile a ndeachaidh mise ariamh aige Seán Mac Donchadha an t'ainm a bhí air. Níor thug mé faoi deara peann na dúbhach aige acht leaca agus sórt rudaí éigin le bheith ag sgríobh orthu. Sén chaoi a mbíodh sé oidhche i chaon teach ins gach baile; ní bhíodh tuarstal ar bith dó acht béile chomh maith is bhíodh ag muinntear an tighe dóibh féin. Cácaí fataí badh mhó a bhíodh ann agus badh mhó a bhíodh ann a phiocadh agus an croiceann a bhaint dhíobh le sgian, iad a nigheachán go maith agus go glan annsin bean a teacht agus a cuid lámha a nígheacán go maith agus naprún glan a chur uirthe agus "Scraper" a fhághail annsin agus na fataí a sgríobhadh ar éadach deas glan agus an t-éadach a bheith leaghtha ar ciseóg agus an chiseóg a bheith leagtha ar tubán go mdeadh an t-uisge ag silt síos ann agus é a fháisgeadh annsin leis an t'uisge a bhaint as agus é a shughadh annsin agus é a chur ar an ngridil tuairim orlach go leith ar tiughas. É a fhágháil ar an ngridil annsin go dtigeadh screamhóg dóighte air agus é ionntú annsin agus nuair a bheadh sgreamóg ar an taobh eile bheadh sé moltannach le n-íthe. Péire nó trí mar sin a dhéanfhadh béile don comhluadar. Poca beag uisge a chur síos ar an teine annsin agus é fhiuchadh mar ní raibh aon tae phota ann an uair. Nuair d'fhiuchadh sé, dhá cuid de tae agus cuid amháin e chaife mín a chur síos air sin agus chuild dhuine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ni Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Flártaigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Siúinéir
    Táilliúir
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway