School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 010

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 010
  3. XML “Báitear Lán Loinge i ngeall le hAon Duine Amháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Báidhtear lán luinge i ngeall le aon duine amháin."
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na chomnuidhe i bhfad ó'n bhfairrge. Níl fhios agam an bhfaca sé an fhairrge ariamh acht ar chaoi ar bith ní raibh aon pléidhe aige leis an bhfairrge ná aon chuimhneamh aige go bhfeicfeadh sé go deó í. Bhí sé aon lá amháin na sheasamh ar bhárr chnuic ag breathnú uaidh ar eallach nó rud éigin mar sin nuair d'airigh sé an glór mar bhéadh sé ag tigheacht aníos tríd an áit 'na raibh sé na seasamh, agus dubhairt an ghlór "Seo
    e fód do bháis." Scannruigh sé agus bhreathnaigh sé faoi agus thairis agus chonnaic sé go raibh sé das beag fraoich sa bhfód a bhí faoi na chosaibh. "Bhuel" adeirse "más é seo fód mo bháis is geárr go gcuirfidh mise i bhfad uaim tú" agus chuaidh sé agus fuair sé spáid agus bhain sé an fód a raibh sé na sheasamh air nuair labhair an glór agus chuir sé i gcliabh é agus d'imthigh leis agus níl fhios agam cén t-achar ar shiubhal sé acht ar chaoi ar bith níor stop sé ariamh go dtáinig sé go dtí bárr aile ar bhruach na fairrige agus chaith sé an fód chomh fada uaidh amach sa bhfairrige agus d'fhéad sé. "Anois" adeir sé "beidh fhios agam an é sin fód mo bháis." D'imthigh sé leis abhaile annsin sásta go leór ag ceapadh nach bhfeicfeadh sé an fód arís go deó. D'imthigh na bliadhanta thart agus chuaidh an fear le dreabhlás an t-saoghail ag ól agus ag ragairne agus ag achrann acht ar deireadh thiar thall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó Flannagáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Pádhraic Ó Maoláin
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    Cill Rónáin, Co. Galway