School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 053

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 053

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 053
  3. XML “Miceál Riabhach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Micheál riabhac.
    Badh de mhuinntear Dhioráin é, Miceál Riabhac agus bhí sé 'na chomhnuidhe i gCill Éinde. Bhí buachaill aimsire de mhuinntear Seóighe as Connamara aige agus cailín aimsire freisin acht ní fhéadaim a rádh cé dhár díobh an cailín nó cérbh as í. Ar caoi ar bith bhí meas mór ag miceál ar an mbuacaill aimsire agus thug sé dó píosa mhór talmhan, gac a raibh taobh thoir de theórann ó bhárr na h-aille go dtí roilig Cill Éinde bhí a raibh de thalamh ón teórann sin anoir go baile Cill Éinde ag micheál é féin. Ar caoi ar bith chuaidh miceál agus a mhac ar aonac le na gcuid stoic babhta agus d'fág miceál dhá stoca óir, a bhí i dtaisge aige fé chúram an chailín aimsire. Badh dheacair tígheact agus imtheacht ón oileán an t'am sin agus creidim gur bhain moill fhada eicint do Mhiceál an babhta seo. Nuair tháinig sé bhí an Seóigheac agus an cailín aimsire pósta agus deamhan blas d'en dá stoca óir a tiubhraidís uatha agus creidim nách raibh miceál sáthac láidir le é a bhaint dhíob. Is de bhunadh an tSeóigigh sin na Seóigigh atá i gCill Éinde agus Iar Áirne go dtí an lá indiu. D'imthigh Miceál Riabhac le canntal as an áit sin agus tháinig sé anoir go dtí an Mainistir agus fuair sé cúig cnagaire talmhan ann. Creidim nach é a cheannact a rinne fé acht cíos íoc air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ni Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Seainín Tam Ó Direáin
    Gender
    Female
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Sruthán, Co. Galway