School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 057

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 057

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 057
  3. XML “Cleasanna agus Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cleasanna agus Cluichí.
    Díol an Choirce
    Bheadh suas le dhá dhuine déag b'fhéidir de stócaigh idir buacaillí agus cailíníbh agus a gcolpaí nochtuighthe agus slat ag an té a bheadh 'na mháighistir an té a bhíodh ag dhíol an choirce mar a dheadh. Bhíod ainm áithrid ar chuile duine, Dhá phíghinn, Trí pigne, ceithre pighne, agus mar sin dhe.
    Dhéarfhadh an máighistir annsin. "Gabhfhaidh tú suas cluas an mhargaidh tiocfhaidh tú anuas cluas an mhargaidh agus tiubhraidh tú chugam-sa an t'airgead díreac arís gan pighinn ná leith-pighinn ar bith, corr agus cé méid sin ar an gcloich den choirce". Adearfadh sé le duine des na malraigh. Déarfadh sé sin "Cúig phignhe" cur i gcás le é a chur de féin. "Cúig pighne" adéarfhadh an máighistir agus dá mbeadh spás aige "cúig phighne" a rádh an darna h-uair sul d'freagróchadh an malrach a bheadh "chúig pignne" air geobhfhadh sé sin iarradh d'en slat ar na colpaibh. Dá mbeadh sé sáthach aibidh déarfhadh sé chúig "pighne". Déarfad an máighistir "cúig pighne" agus chaithfheadh an malrach "cúig phighne Sir" a rádh nó muna gcuirfheadh sé an "Sir" isteac bhí iarraidh ins na colpaibh le fághail aige. Cé méid sin ar an gcloich den choirce" adéarfhadh an máighistir agus déarfhadh malrac
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó Flannagáin
    Gender
    Male
    Age
    14
    Informant
    Séamus Ó Flártaigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Siúinéir
    Táilliúir
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway
    Informant
    Seánín Taim Ó Direáin
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Sruthán, Co. Galway