School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 031
  3. XML “Béaloideas a Bhaineas le Olainn, Sníomhachán, Cardáil srl.”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an olainn sul bhíodh sí 'na bréidín. Maidir leis an mbréidín glas, ar a dtugtar ceannasna freisin, sén chéad rud a dhéantaoí leis dhá oiread d'olainn bhán a bhrith ann agus a bhíos d'olainn glas. Annsin caithtí i Spíonadh.
    Spíontaoí é leis an olainn a tharraingt idir do lámha agus an caonach agus rudaí eile a bhaint aiste. annsin caithdí an bealadh a chur innte agus is é an rud é an bealadh ná chur innti ola Fiagach agus deantaoí mar seo é. Ar dtús leághtaoí labh an Fhiagaigh agus chuirtí gráinnín beag salainn air. Annsin cuirtí píosa beag ime isteach ann agus dhéanfhadh an ola seo lé bealadh a cuir ins an olainn. Annsin cárdáiltí í leis na cárlaí. Sníomhtaoí annsin é agus déantaoí dlúth agus inneach de. Dhéantaoí dlúth le í casadh tuaithbheal agus inneac lé í casadh deiseal. Ní theastóchadh an dlúth agus an t'inneach lé chéile lé aon rud eile a dhéanamh acht amháin leis an mbréidín. Is olainn bhán uilig a bhíos ins an bhflannín bán agus is mar a chéile a oibríghtear é. An flainnín gorm mar a chéile maidir leis an mbán agus an gorm acht amháin go mbíonn beagán badráil ins an ngorm. Ar dtús caithtí an olainn bhán a spíonadh agus a cárdáil mar dhéantaoí i gcómhnuidhe. Annsin caithtí an tríomhadh cuid dí a dhathú. Sén chaoí a ndathuigthí í mar seo. Ar dtús faightí braon uisce te agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. spinning and weaving (~482)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Dhioráin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Sruthán, Co. Galway