School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 030

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 030

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 030
  3. XML “Béaloideas a Bhaineas le Olainn, Sníomhachán, Cardáil srl.”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Béal-Oideas a bhaineas lé olainn, sníomhacán cárdáil srl.
    Fadó sa saoghal nuair a bhíodh caoí dhá chur ar olainn, bhíodh a mbíodh sa teach de cailínibh ag áirneán. Ar dtús caithtí an olainn a nígheachán agus í thiormú. Annsin spíontaoí í agus chuirtí ar cómhlaí móra í. Atus scaiptí amach í agus cuirtí bealadh innte. Dhéanfadh sé seo bog í agus éasga ar í a sníomh. Déantaoí an méid sin léithe ar feadh an lae agus annsin dhéantaí an chuid eile de san oidhche. Nuair a bhíodh sé na oidhche go maith thosuigheadh duine de na gcarrcailibh nó beirt amannta dhá chárdáil seo agus ag déanamh roiléarí caola de. Is lé cárlaí a dhéantaoí é seo. Sén rud é cárla ná píosa ádhmuid tímceall naoí n'orlaighe ar fad agus cois tímcheall leath troigh as. Bíonn sé lán lé fiacla beaga taobh istigh agus na fiacla seo tímcheall leath orlach ar fad agus bárr géar ortha. Oibríghtear iad lé péire aca agus (péire) píosa beag olainne istigh eattorra agus a bheith dhá dtarraingt síos suas ar an olainn. duine amháin a oibrígheann iad. Is iomdha cineál flannín a bhíodh ann fadó agus a bhíos ann i gcómhnuidhe acht ní h-ionann an caoí a n'oibríghtear iad anois agus an uair sin. Bíonn flannín bán, flannín glas nó dathnac, flannín gorm, agus "Birds Eye" mar thugtar air agus Flainnín eile ar a dtugtar "Fígheachán Cnáimh an Sgadáin" air. Is iomdha rud a dhéantaoí leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. spinning and weaving (~482)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Dhioráin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Sruthán, Co. Galway