School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 008
  3. XML “Tiarna Bhinn Éadain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    istigh ann agus iad ag déanamh roilleán agus bhí buacaill ag teastáil agus fuair seisean obain ann. Badh ghearr go raibh sé chomh mhaith ag déanamh roilleáin agus gurbh é féin a bhíodh ag dul ar an mardadh leó agus chuile roilleán dá ndíoladh sé chuirfeadh sé a ainm fhéin air. "Tighearna Bhínn Éadainn fear déanta na roilleán. Badh ghearr go bfaca an bean ceann aca agus dúbhairt sí léithe féin go raibh sé beó in áit éigin. Bhí sí lá amháin thuas a staighre agus chonnaic sí fear amuigh ar an t'sráid agus é ag díol roilleán. chuir bhí buachaill aimsire amac agus ceannuigh sé cuid de na roilleáin agus thug sé isteac ag an mbean iad agus bhí ainm Tighearna Bínn Éadainn sgríobhta ar gac uile ceann aca. "Sé atá ann gan aimhreas" ar sí léithe féin agus chonnaic sí lá eile ar an t'sráid é agus é ag díol roilleáin. Chuir sí céad míle fáilte roimhe agus dúbhairt sí leis ar a cluais a bheith ag an mbainfeis a bheadh aice agus ag an gcaiptín an oidhche sin. Tháinig sé agus shuidh sé go cúthal ag bun an staighre agus chuir sé a bois faoi 'na leicinn. Dúbhairt sí leis an dream a bhí ag roint an poitín gloine a thabhairt dhó agus thug. "Tosaigígí ag innseacht sgéalta" "Tosuigh thú fhéin ag innseacht" arsa an caiptín "ó thárla gur tú a cuimhnigh air" Thosuigh sí ag innseacht a sgéil féin agus séard a bhí ar deireadh aice ann "Cén sórt breitheamhnas a cuirfheadh sibh ar fhear" arsí "a sgar fear agus bean ó 'na chéile". Sé an caiptín an céad duina a labhair. "É a loisgeadh i mbairrile tearra" ar sé. D'eirigh sí agus chuaidh sí go dtí Tíghearna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Informant
    Pádhraic Uí Mhaoláin
    Gender
    Male
    Address
    Eoghanacht, Co. Galway