Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. Galway
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 453

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 453

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 453
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus bhuail sé ceann aca i mullach a chinn. 'Éirigh as' a deir an fathach a buaileadh agus ná bí ag caitheamh cloch liom mar sin. Annsin d'éirigh an dá fhathach chuig a chéile agus mharbhuigh siad a chéile. An oidhche dar gcionn chuaidh sé ag faire an chaisleáin arís agus chonnaic sé fathach eile ag teacht agus chaith sé cloch leis agus dubhairt an fathach 'a bhuachaill is tú a mhrabhuigh mo bheirt driothár aréir agus ná ceap go marbhóchaidh tú mise. Siubhal uait anois go dtí mo theach-sa go bhfeice mé an bhfuil tú i ndon móran a ithe. Chuaidh an táilliúr annsin go dtí teach an fhathaigh agus chuir an fathach pota mór fataí ar an teine. Is gearr an t-achar go raibh na fataí bruithte agus leag an fathach ar an mbord iad chuige féin agus chuig an táilliúr agus thosaigh siad ag ithe. D'fhiafruigh an táilliúr an raibh aon chraiceann gabhair ins an teach agus dubhairt an fathach go raibh.
    Chuir an táilliúr an craiceann gabhair thar timcheall air féin annsin agus nuair a bhí a dhóthain ite aige d'oscail sé anuas an craiceann le sgianphóca agus thuit an bheatha amach as. 'Ó' a dubhairt an fathach 'a tháilliúir déan liom-sa é sin'. Rinne an táilliúr mar a dubhairt an fathach leis agus stróic sé anuas leis an sgian é agus cailleadh an fathach ar an urlár. Lean bean an fhathaigh an táilliúr agus rith an táilliúr suas i gcrann uaithe agus bhí miotal ar bharr a cuid méaracha agus chuaidh siad i bhfástódh sa gcrann. Annsin thainig an tailliúr uirthi i ngan fhios di agus mharbhuigh sé le na chlaidheamh í. Chuaidh an táilliúr abhaile agus fuair sé a mháilín óir. Cailleadh é achar blianta 'na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac an Iomaire
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60