Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 364
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag déanamh rud chun mo dhrioball a chur isteach ann aríst. Ní ghabhfadh mé níos fuide. Ní h-eadh a deir an madra alta ach ag déanamh gad le h-aghaidh mo chluas-sa atá sé agus ní ghabhfadh mé fhéin níos fuide. Chasadar ar ais aríst agus chuaidh Síomáin agus a bhean abhaile go hÉirinn.
- Bhí an domhan bráthach ann.Dhá mbeadh sé ag cur sceanna gréasaidhe agus an ceann gearr a bheith anuas díob.Tá sé ina thuile liagh.Bhí an domhan agus a mháthair ann.Tá tú in do libín ag an mbáisteach.Ba mhaith an mhaise dhá anam é.Tá sé bruidhthe fuinnte agam dhuit.Tiocfadh an lá fós go ngeobhfaidh an bhó gnótha dhá drioball.An té atá sios buailtear cos air agus an té atá thíos óltar deoch air.Níl mé in a dhiadh air.Tiocfaidh oidhche fhada agus gealach fós.Innis dhom do chomáide agus beidh fhios agam cé thú.Bhí sé ag bráideán báistigh.Tá mé chomh tuirseach is dhá mba i ndiaidh baid a tharrnightháide mé.Ní mórán thú.Ní fearr anonn é ná anall.Tá sé ag clagarnaighíl báistigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Maoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. Galway