Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 357
- XML “An Gobán Saor”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceird aige ar nós é féin. Thárla san am céadna go raibh mac óg ag bean ar an mbaile agus thug bean an Gobán a h-inghean féin dí ar an mac. Bhí fhios aici go mbeadh an fear sásta freisin, mar ní raibh fhios ag an bhfear nach mac a bhí aici. Tamall 'na dhiaidh sin fuair bean an Ghobáin bás agus ní raibh aici ach an t-aon mhac, ach tamall 'na dhiaidh sin phós an mac sin bean áluinn. 'Na dhiaidh sin tháinig duine uasal chuig an ngobán agus dubhairt sé leis a theacht agus caisleán a dhéanamh dó. Dúbhairt an Gobán go ngabhfadh agus fáilte agus a mhac freisin. An lá seo réidhthigh an beirt aca agus d'imthigheadar leo agus thosuigh an Gobán ag rádh le na mhac an bóthar a ghiorrú ach sé an chaoi ar thosuigh an mac ag rith agus d'fhill an bheirt aca abhaile mar gheall aair sin. An dara lá dúbhairt sé leis an bóthar a ghiorrú ach thosuigh sé ag rith arís. D'fhiafruigh bean mic an Ghobáin tuige a raibh fhios aige ach gur thosuigh an t-Athair ag rádh leis an bóthar a ghiorrú agus nach raibh fhios aige cionnus é a dhéanamh agus d'fhill an t-athair abhaile annsin. 'Deirim-se leat anois' a deir a bhean leis 'an chéad lá eile a déarfas sé leat é sin a dhéanamh tosuigh tusa ar sgéal a innsint agus geallaim-se dhuit nach mbeidh tú i bhfad ag giorrú an bóthair annsin. Nuair a shroich sé teach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Maoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Liodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. Galway