Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 347
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin bhain sí an cheirt dí. Chonnaic sé an fáinne agus thug sé fé deara gur nó bheag aici a bhí sé. Dubhairt sé gur shíl sé gur ró mhór aici a bheadh sé is nach mbeadh aon leigheas air sin. 'Le do thoil féin a chuir tú ort an fáinne agus ó tharla gur mar sin é is féidir le draoi an óir é a bhaint díot gan é a bhriseadh. Bhí mé ag cainnt leis indiu. Cuirfeadh mé fios air agus beidh sé annseo amárach.' Thosnuigh an inghean ag caoineachán agus chuaidh sí siar ins an seomra bá fhuide siar ins an teach. Cé tháinig chuice ach a máthair tháinig sí chuice tríd an doras mar thiocfadh scáile thríd ghloine. Gheit an inghean go mór. 'Bíodh misneach agat a inghean ó', a deir an mháthair is mise do mháthair féin, tuigim do sgéal. Ná bíodh aon eagla ort ach déan mar seo: Gabh síos chuig t-athair agus tabhair agus tabhair leat an leabhar agus mionnuigh 'na láthair ar a leabhar nach gceadochaidh tú an fainne a bhainnt díot go bráthach go bhfagaidh t-athair culaith déanta dhuit a bhéas ar chuile dath san aer.' Rinne an t-inghean mar dubhairt an mháthair leithe. Chuaigh sí síos agus fuair a h-athair píosa éadaigh de chuile dhath san aer a dhéanfadh an culaith agus rinne sé é.
Nuair a chonnaic sí an culaith déanta, chuaidh sí siar ins an seomra céadhna aríst agus thosnuigh sí ag caoineachán. Tháinig a máthair chuice aríst. 'Stop' a deir an mháthair léi 'ná bí ag caoineadh téirigh síos chuig t-athair tabhair leat an leabhar agus mionnuigh 'na láthair nach gceadóchaidh tú an fáinne a bhaint díot go bráthach go bhfagaidh t-athair culaith déanta dhuit ar dhath chuile éan san aer. ' D'imthigh an t-inghean agus rinne sí mar dubhairt a máthair leithe. Fuair sé an culaith déanta dí ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Maoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. Galway