Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na h-ainmhidhthe na feirme atá againn sa mbaile ná:- capall, beidhigh, muca, cearca, lachain, géadhna agus asal. Siad seo na h-ainmneacha a thugann na daoine ar na buaibh ná :- bean Mhuire, bean Dómhnaigh, Róta an Dómhnaigh, Sméirín, Sonóisé, Perinó agus a lán eile aca. Nuair a bhíonn na daoine ag seoladh na mbeidheach bíon siad ag rádh 'habha amach'agus mar sin de. Sé an saghas easair a bhíonns fé na buaibh ná fraoch, raoineach, tuighe briste, fideogaí,cíb, féar, agus fiadhtúil. Sé an t-ainm a glaodhtar ar na gamhna ná 'Suicín'. Glaodhtar scioból ar tighe na mbó. Ceangluightear na ba le rópa fada.
Ar dtúis cuirtear an rópa timcheall a muinéil ionnús gombeidh sé sáthach fada agus annsin fásgtar snaidhmair chomh fada suas is go mbeidh sé sáthach mór le h-aghaidh a múinéil. Ceangluightear na gamhna mar an gcéadna is a ceangluightearna beithidhigh. Glaodhtar ceanglacáinn go minic ar an saghas ceangal a tugtar agus anois is arís braighdeán. Déantar na ceanglacáinn sa n-áit ach ceannuightear na rópaíar dtúis. Cróchann na daoine crois bríghde, agus an t-iubhar beannuighte ar na frathacha i dtigh na mbó ionnús go mbeidh an t-ádh ar an stoc. Bíonn na caiple istigh ins na stablaí agus ní bhíonn siad ceangailte chor ar bith. Bíonn na caiple ag ithe féar, turnapaí, coirce, fataí brúighte, agus itheann na beitidigh féar, turnapaí, agus fataí leath-bhrúithte.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Coillín, Co. Galway