Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    beannuighe" adeir na daoine. Deirtear go bhfaca bean an maighdean Muire ar a glunnaibh ag an tobar agus tá tobar muire mar ainm air ó shin. Tá na daoine ag tabhairt turas ann ó shin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá a lán tobar beanuighthe timcheall na h-áithe seo. Tá tobar beanuighthe ruisín na mánac. Sé an t-aimn atá ar an tobar sin na tobar Muire. Téigheann daoine ag thabhairt torás cuige lá Muire. Ar Dia Domnaigh a thagann sé i gcomhnaidhe. Téigheann gac duine ar tobar Muire an lá sin. Nuair a théigeann na daoine ag tabhairt tórais ag tobar mar sin fághann siad rud eicint ag an tobar 'na dhiaidh. Téigheann go leor sean daoine ag an tobar beanuighthe an lá sin. Tá go leór leabhra beaga beanuighthe le h-áis an tobar, agus bláthana deasa. Tá tobar eile beanuighthe ar oileán amuigh san bhfairrge. Agus sé an t-aimn atá ar an tobar na tíreann. Tá suidhthe ar an taobh ó thuaidh de'n oileán. Téigheann na daoine ag thabhairt tóras cuighe gach aon am do'n blian. Téigheann an tuile isteach ann, uairanta. Deireann na daoine go mbíonn iasg ag imteacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Beartlaí Ó Clochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. Galway