Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 131
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)blátanna déasa timcheall ar ballaí an tobair. Tá sgéal ag bainnt leis an tobar beannuighthe seo fréisin. Bhí droch spriod na comnuidhe in aiche leis an tobar beannuighthe seo fadó agus bíodh sé ag caitheamh cloca le na daoine agus bhí éagta mór ag na daoine roimhe. Acht nuair a tháinig Naomh Cíaran chur sé rith air amachgo dtí cnoc mór árd. Mórda an t-ainm a bhí air an spriod seo agus is béag nac raibh na daoine caillthe le faithcios roimhe. Ar taobh an cnuic tamhall béag suas ó'n tobar a bíodh sé na comnuidhe agus nuair a ruaigh an naomh é chur sé an tobhar beannuighthe seo 'na áit agus tughthar tobar Cíarain air ó soin. Téigeann na daoine suas ar an gcnoc freisin agus túgann siad buidheacas do Naomh a ruaigh an droc spriod a bhí ann amach as an áith
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Pádhraigh Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. Galway