Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear go Mhailleach a bhí in a comhnaidhe i Lorras mhór. Ní raibh sé sasta annsin go siubhalfac se tuille. Tháinic se aniar annsin ar Tamhnac ata cupla mile taobh thoir do'n Clocán. Lá amháin chuir sé amac an buacaill ag féachaint ar na ba. Bhí na na cruinnighthe istigh i lár an tamhnaide agus an tarbh ag dul timceall ortha. Tháinic an buachaill isteach agus i'innis sé do é. Níl aon run ag an tarbh beith i bhfad annseo" arsa Tomás. Chuaidh sé cun siubhal annsin an lá sin agus chuir sé faoí ar thamhnac eile. Nuair a d'éirigh sé ar maidin. Dubhairt sé leis an mbuachaill dul amac ag breathnú ar na bá. Chuaidh sé amach agus bhí na ba cruinnighthe i lár na páirce agus an tarbh taob amuc diobh. D'fiafruigh sé cá raibh aghaidh ar tairbh. "Soir ata a aghaid" ar seisean. "Tá duil aige a dul tuille soir" arsa Tomás. Tomas O Máili a bhí mar ainm air. Thiomháin sé leis go dtainic sé go h-Ouraid. Comh luath agus d'éirig se Chuaidh sé amac ag breatnu ar na bá "Cá bhfuil siad indiu" arsa Tomas "Tá siad ar fuad na páirce go leir agus an tarb i lár" ar seisean. "Tá run ag an tarb fannacht tamaill annseo." Rinne sé teac i Ouraid agus sin é an t-am a tugad Tomas Buide Ouraid air. Tamall in a dhiaidh sin bhí se ag cinnt air codlad na h-oidhche d'fagháil ag brionglóid a bhiodh ag teacht cuighe rádh leis a dul ag droicad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bairbre Ní Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. Galway