School: Cashel (roll number 11358)

Location:
Cashel, Co. Galway
Teacher:
P. Ó Lochlainn

Filter stories

Back
/ 189 Forward
Resolution: Low | High
Liosanna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 164

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá cúpla lios san áit seo. Deirtear gurb iad seo na h-áiteacha a mbíodh comhnuidhe ar na sídhe mór mhór Rí na Sidh[]. Tá ceann i Dún Ríohacháin Caiseal, Co na Gaillimhe. Níl fhios ag na daoine móran faoi. Tá ceann eile i gCaiseal istigh san roilig. Ceann eile ag aill a nglaoidhtear Bócáin air, taobh adtuaidh de Sruth-Sháile, Caiseal, Co na Gaillimhe. Tá ceann i nGleann-Srios i Sruth-Sháile. Tá díog thart ar an gceann seo.
Bhí fear in a chomhnuidhe san áit a bhfuil fothracha na sean-bearaic i dtalamh Mac Uí Ghaora. Theastuigh crann uaidh le choirce a chathadh. Chuimhnigh sé go bhfaca sé crann ag fás i n-aice na leasa san roilic i gCaiseal, a mbeadh feiliunach do'n ócáid. Dubhairt sé le'n a fhear oibre dul 'na choinne ach ní rachadh sé ann. Chuaidh sé féin annsin. Nuair bhí sé 'gha ghearradh chuaidh dealg as suas 'na chapall 's chuaidh sí ar buile agus marbhuigh sé é.

Collector
Máire Seóige
Gender
female
Address
Scrahallia, Co. Galway
Informant
Seosamh Seóige
Gender
female
Age
45
Address
Scrahallia, Co. Galway
Language
Irish
Location
Scrahallia