Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)

Suíomh:
An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cashel
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cúpla lios san áit seo. Deirtear gurb iad seo na h-áiteacha a mbíodh comhnuidhe ar na sídhe mór mhór Rí na Sidh[]. Tá ceann i Dún Ríohacháin Caiseal, Co na Gaillimhe. Níl fhios ag na daoine móran faoi. Tá ceann eile i gCaiseal istigh san roilig. Ceann eile ag aill a nglaoidhtear Bócáin air, taobh adtuaidh de Sruth-Sháile, Caiseal, Co na Gaillimhe. Tá ceann i nGleann-Srios i Sruth-Sháile. Tá díog thart ar an gceann seo.
    Bhí fear in a chomhnuidhe san áit a bhfuil fothracha na sean-bearaic i dtalamh Mac Uí Ghaora. Theastuigh crann uaidh le choirce a chathadh. Chuimhnigh sé go bhfaca sé crann ag fás i n-aice na leasa san roilic i gCaiseal, a mbeadh feiliunach do'n ócáid. Dubhairt sé le'n a fhear oibre dul 'na choinne ach ní rachadh sé ann. Chuaidh sé féin annsin. Nuair bhí sé 'gha ghearradh chuaidh dealg as suas 'na chapall 's chuaidh sí ar buile agus marbhuigh sé é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Máire Seóige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seosamh Seóige
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe