School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0405

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0405

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0405
  3. XML “An Íocfadh sin thú?”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear bocht ann fadó ina chomhnuidhe amuigh faoi an tuaith. Ní raibh de mhaoin an t-saoghail aige acht aon bhó amháin agus lá amháin chuaidh sé go dtí an baile mór agus dhíol sé an bhó. Fuair sé luach maith uirthi. Annsin chuaidh sé isteach i dteach ósta agus d'fhág sé cuid de'n airgead ann agus dubhairt sé leis an bhfear ósta go dtiocfadh sé aríst agus go n-iarrfadh sé ól air. Dubhairt sé leis freisin go mbuailfeadh sé buille dhá hata ar an mbord nuair a bheadh seisean (an t-óstóir) ag éileamh an luaich, agus go ndearfadh sé leis "An n-íocfaidh sin tú? Déanfadh sin," arsa an t-óstóir.
    Chuaidh sé go dtí an chéad teach eile agus dubhairt sé an rud céadhna, agus ar an gcuma céadhna rinne sé leis an tríomhadh teach.
    Casadh isteach san mbaile mór aríst é cúpla lá ina dhiaidh sin agus triúr buic mhóra i n-éinfeacht leis. Thug sé isteach san gcead teach ósta iad agus thug sé ól dhóibh agus nuair a cheap fear na bó an t-airgead a bheith caithte ar an ól bhuail sé a cháibín ar an mbord agus dubhairt sé leis an t-óstóir, "An n-íocfaidh sin thú?" agus dubhairt an t-óstóir na focla a dubhairt sé fhéin (fear na bó) leis cúpla lá roimhe sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish