School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0287

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0287

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0287
  3. XML “An Sonas i nDiaidh na Simplíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    maith annsin nach raibh aon ghnaithe abhaile aige mar gheall ar an rud a bhí déanta aige.
    D'imthigh leis annsin agus ba ghearr a chuaidh sé gur casadh tincéara air. "Cá bhfuil tú ag dul?" adeir an tincéara. "I ndiaidh mo chinn rómham," ar seisean. "Déanfa sin," adeir an tincéara, "fág seo i n-éinfheacht liom-sa bheidh muid i n-éindigh pé áit ar bith i na dtiocfaimíd."
    D'imthigh leo annsin go dtáiniceadar chomh fada le caisleán ríogh. D'iarradar lóistín na h-oidhche agus fuaireadar sin agus fáilte. Dubhairt an rí leó go n-íocfadh sé go maith iad dá dtéighidís suas sa sean-chaisleán agus an oidhche a chur tharta ann agus fios a thabhairt dó an bhfaca siad aon cheó nó nach bhfaca.
    Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an feilmeóir agus an tincéar chuig an sean-chaisleán agus chuadar a chodhladh ar leabaidh a bhí ann. Timcheall is meadhon oidhche dhúisigh an feilméar agus chonnaic sé an rud soillseach thíos i dtóin an tseómra. Bhí fhios aige gur buidéal fuisge a bhí ann. Dhúisigh sé an tincéar agus dubhairt sé leis a dhul síos agus an buidéal a thabhairt aníos. Chuaidh an tincéar i gcoinne an bhuidéil. Nuair a shroich sé an áit bhí trí cinn ar fad ann. Rug sé ar cheann acu le é a thabhairt leis acht dubhairt an guth leis é a fhágáil. Rug sé ar an darna agus an tríomhadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Informant
    Tadhg Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    30
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway