School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)imthighthe ag an bhfear bocht seo chuaidh sé ar an bpuinnte chuig a theach. D'fhiafruigh sé do'n fhear cé'n fáth gur ghoid sé agus gur mharbhuigh sé an mhuc air. Annsin dubht. fear an tighe, - Muise, a athair, nár dhubhairt tú féin liom go dtiubhrthá "Párdún" dom agus choinnigh mise t'fhocal. Annsin thuig an sagart an cleas a d'imir an fear eile air agus bhí a dhóthain feirge air. -Anois, ar seisean leis an bhfear bocht, ó thárla gur chuir tú cuid mhaith as dom cuirim iallach ort trí thuras a thabhairt ar Chruach Phadhraic mar geall ar do pheacaí. -Déanfaidh sin 'athair, arsa mo dhuine go fonnmar, ach féach an mbeidh orm a dhul ar a bharr. - Beidh cinnte, ars an sagart.
Maidin lá'r na bháireach nuair a chuaidh an sagart amach céard a d'fheicfeadh sé ach mo dhuine agus é ag siubhal síos suas ar a chruach mhóna, agus an chruach bhreagh i ngar a bheith 'na chaoráin aige. Nuair a chonnaic an sagart é bhí sé oibrighthe. -Tá mo chruach millte agad, a deir sé, nó cé'n chiall atá leis an obair seo? Labhair an fear. -Dubhairt tú liom, 'athair, adeir sé, trí thuras a thabhairt ar Chruach Pádraic agus ní faca mise aon chruach Phádraic ní ba ghoire dhom na do chruach féin. -Sílim go bhfuil sé chomh maith agam éisteacht leat, adeir an sagart. Teirigh abhaile.
Chuaidh an fear abhaile ríméadach go maith dhó féin agus é buidheach go leór do'n Athair Pádhraic.- Collector
- Máirtín Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway
- Informant
- Pádhraic Ó Muireadhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway