School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)suas dó agus chruinnigh sé a chuid uaisle le ómós a thabhairt do'n bhuachaill as Éirinn. Ach nuair a chonnaic na buachaillí eile an onóir a theasbáin an rí do'n bhuachaill Éireannach tháinic cineál éad' ortha agus céard a rinneadar ach cuid de sheóda luachmhara an ríogh a chur síos in a chuid málaí agus níor chuimhnigh an buachaill go raibh mailís ar bith déanta acu. Lá'r na bháireach nuair a bhí sé ag dul abhaile dhún an buachaill a chuid málaí agus ghluais leis in 'aistear. Ní raibh sé imthighthe ach cupla lá nuair a d'airigh an rí a chuid seódaí luachmhara agus óir imthighthe. Chuir sé gairm scoile amach go raibh a chuid seódaí ar iarraidh. Faoi dheireadh dubhairt cuid de na buachaillí aimsire go mba dh'é an buachaill Éireannach a bhi tar éis iad d'ardú leis. Ar an bpoinnte chuir an rí arm as an Afraic Theas ar a thóir go h-Éirinn. Fuaireadar é agus thugadar leó abhaile chuig an Afraic Theas é nó go ndeacha cúirt air, agus gur chionntuigh an breitheamh é. Agus direach nuair a bhí sé cionntuíghte 'seadh do thug an buachaill an leitir anios as a phóca agus thug sé do'n bhreitheamh í. Léigh an breitheamh ós comhair an tighe í agus chuir sé faitchíos ar a raibh i dteach na cúirte, go mór-mór ar na buachaillí do chuir an bréag air, nuair a chualadar an chainnt iongantach a bhí sa leitir. Bhí sé innti go gcuirfidhe éagcóir mhór ar an mbuachaill uair eicínt dhá shaoghal ar an nidh nach ndéanfadh sé agus nach gcuimhneóchadh sé ar a dhéanamh agus go mbeadh sé
- Informant
- Padhraic Mhac Thuaithealáin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway