Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0146
  3. XML “Seanscoil eile a bhí i Rosabhíl”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Scoil eile a bhí i Rosabhíl.
    Tá sean teach thíos i Rosabhíl i ngarraidhe Sheáin Uí Fhlaithbhearta anois. Tuairm's céad go leith bliadhain ó shoin cheannuigh fear cuid den duithche seo ó na Blácaigh. Cheannuigh sé an talamh ó Mhaorus treasna agus suas go Doire Choill agus sé an margadh a rinneadh go mbeadh an talamh ag an bhfear seo agus cíos na ndaoine air nó go bhfuigeadh sé bás. Bhí sé in a chomhnuidhe ins an teach seo. Níor mhair sé i bhfad. Dhá chíos a thóg sé.
    Tar éis bás an fhir seo tháinig máighistir sgoile ins an teach agus d'fhan sé ann suas lé chuig bhliadhna. Mr Mellin an t-ainm a bhí air. Is cuimhneach le na sean daoine i Rosabhíl é a fheicheál. Bhí an teach saor ó chíos aige agus bheathuigh na daoine in aisge é. San teach bhiodh scoil aige. Teach an-árd a bhí ann. Níl fághtha acht na ballaí anois agus tá corr dhuine ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    29
    Seoladh
    Ros an Mhíl, Co. Galway