School: Dubhras (roll number 6319)
- Location:
- Doorus, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Mearacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhras
- XML Page 0071
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Níl mórán ainmhithe allta timpeall na háite seo . . .”
Níl mórán ainmidhe allta timpeall na h-áite seo. Níl ann ach an sionnach, coinín, girrfidhe, broc agus an easóg. Déanann an coinín an phluais thíos faoin talain. Bíonn féar aige sa pluais agus cúnlach.
Connaicéar a tugtar ar an pluais a bhíonn ag an coinín. Tá ainmhidhe eile ann ar a dtugtar an sionnach. Goideann sé cearca, lachain agus géanna. Tá leigheas i teanga an sionnach. Deirtear go dtógfadh sé imach dealg. Tá sean fhocal ann i dtaobh an sionnach "Chomh glic le sionnach".
Tá ainmhidhe ann ar a dtugtar an girrfidhe agus téiggheann seisean in a codhladh agus a súilí ar oscailt aige. Tá an easóg ann agus itheann sise cearca agus éanlaith eile freisean. Áit ar bith in a mbíonn easóg ní bhíonn aon lucha ann mar marbhuigheann sí iad. Deirtear gurb í an easóg an cat a bhí ag na (?) fadó. Tá an broc ann agus tá sean fhocal in a dtaobh "Chomh liath le broc". Mar tá dath liath ar an broc.- Collector
- Máire Ní Ghloinn
- Gender
- Female
- Address
- Traught, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Gloinn
- Gender
- Male