School: Dubhras (roll number 6319)

Location:
Doorus, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Mearacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhras
  2. XML Page 0049
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí bean ann fadó agus bhí beirt inghean aici . . .

    Bhí bean ann fadó agus bhí beirt inghean aici bhí ceann aca an-crosta agus bhí an ceann eile go lághach.
    Níor maith leis an máthair ná an cailín crosta an cailín lághach. agus bhíodh uirr [!] gach rud a dheanamh le h-aghaidh an máthair agus an inghean eile. Lá amháin cuir an máthair go dtí an tobar í i gcionne [!] canna uisge.
    Nuair a bhí an canna líonta aici bhí sí ag imteacht abhaile agus chuala sí duine eicínt ag rádh "Turm deoch". Dhearc sí thart agus bhí sean bhean in a shuidhe ag an tobar.
    D'iarr sí an deoch uirri agus thug an cailín an deoch dí agus tháinic sí abhaile. Bhí an máthair ar dearg buile leí agus nuair a labhair an cailín thosuigh óir ag tuitim amach as a mbéal. Ghlaodh an máthair ar an cailín cailín [!] eile agus dubhairt sí leí dhul go dtí an tobar agus deoch a thabhairt d'on sean bhean agus b'fhéidir go dtárlodhach an rud ceadhna leí. Thosuigh an cailín crosta ag clamhsán agus ag rádh nach mbeadh sí in a cailín freastal ag aoine. Tháinic smaoineadh eile in a ceann agus d'imthigh sí leí go dtí an tobar agus thug sí an canna leí. Bhí an sean bhean in a suidhe ag an tobar roimpi agus d'iarr sí deoc uirri. Dubhairt sí nach dtiubhradh sí deoch do aoine, acht thug sí an deoch d'on sean bhean agus tháinic sí abhaile agus bród uirri acht nuair a labhair sí thuit péist mór amach as a mbéal ag [!] bhí uirrí fanacht gan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Language
    Irish