School: Dubhras (roll number 6319)

Location:
Doorus, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Mearacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhras
  2. XML Page 0035
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Bhí fear agus a bhean ann fadó agus bhí bhó amháin aca. Bhí ortha an cíos íoc agus ní raibh aon airgead aca. An lá in a dhiaidh sin chuaidh an fear go dtí an aonach leis an bó agus dubhairt an bhean leis "gan an bó a dhíol muna bhfuighfeadh sé luach maith" D'imthigh an fear go dtí an aonach agus bhí sé in a sheasamh i lár an aonaigh, tháinic ceannuightheóir chuige agus dubhairt sé "an ndíolfaidh tú an bó. Díolfaidh ars' an fear má thugann tú luach maith dhom, tiubhraidh mé cúig punt duit ars' an ceannuightheóir. Cuir isteach ins an páirc sin atá in aice an chéibh, ní cuirfeadh ars an fear go dtiubhradh tú an tairgead dhom i dtosach. Fuair sé an tairgead agus cuir sé isteach ins an bhpaírc í. Taréis tamall bhí sé ag siubhal thart agus dubhairt an fear dá dtógfaidh sé í amach arís í go mbéadh deich bpunt aige. Rinne sé an cleas céadhna arís agus aríst eile. Tháinic sé abhaile agus bhí cúig punt déag aige agus an bó agus dubhairt an bhean go raibh droch aonach aca. Ní raibh ars' an fear acht bhí aonach mhaith ann. Theasbáin sé an cúig punt déag dí agus bhí an-áthas uirri. An lá in a dhiaidh sin bhí trí próisní ó na daoine ar dhíol sé an bó. An lá in a dhiaidh sín bhí sé ag dul go dtí an cuairt. Nuair a bhí sé in aice an baile casadh táilliúir air agus dubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1585: The Lawyer's Mad Client
    Language
    Irish