Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. Galway
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0052

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0052

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0052
  3. XML “An Fear Oibre ag a Phá Lae”
  4. XML “Tarraingt an Mheacain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dhá chonndae, sin ceithre chonndaethe; ceithre chonndaethe agus ceithre chonndaethe, sin ocht gconndaethe, ocht agus ocht sin sédéag; sé déag agus sé déag sin dó dhéag is fich' - agus sin arbhar na h-Éireann!"
    D'íoc an feilméar go daor 'as an gcomhaireamh!
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Chuaidh Domhnall amach maidin sheaca ag baint mheacan. Rug sé ar an meachan ach ní raibh sé indon shú ná shá, thuca ná thaca ná é a tharraint. Annsin chuaidh Domhnall ar an árd agus ghlaoidh sé go h-íseal 's go h-árd ar chongnamh mór láidir a thairneochadh an meachan. Tháinig sin aige Aonúil A' Bolcán. Rug Aonuil ar Dhomhnall, agus rug Domhnall ar an meachan ach ní rabh siad indon a shú' ná a sháthadh thucad nó thaca nó é a tharrainnt. Chuaidh Domhnall ar an árd aríst agus ghlaoidh sé go h-íseal 's go h-árd ar chungnamh mór láidir a thairneochadh an meachan. Tháinig sin aige Dó-úil A Bolcán. Rug Dó-úil ar Aonúil, rug Aonúil ar Dhomhnaill agus rug Domhnall ar an meachan agus ní raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Baghaoil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lisín an Óráin, Co. Galway