Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Anach Cuain
- XML Leathanach 0071
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá trí toibreacha beannuighthe in Eanach Cúain agus dá cheann i gCloon Bhúaidh. Tá Cluáin Buaidh i mbaile fearainn Ceathramh Caisleán, Tobhair Chormaic, Tobhair Bhraonán agus Tobhair Bríghe a tugtar ar na cinn in Eanach Cúain.
Tobhair Chormaich iseadh an príomh ceann. Tá sé suidhte ar bhruach na locha agus tá fáinne sgeacha thart timcheall air. An sgeach geal atá ann. Taobh thíar don tobhair tá cloch mór ann agus tá rían glúain Cormaich ann. In a dhíaidh Naomh Cormach atá sé glaoite. Níl fíos céarb é ach táthar ag déanamh amach gur braithre a dfág an mainistir in Eanach Cúain a bhí ann.
In a dhíadh Naomh Braonán atá an tobhair eile glaoite. Bhí sean-bhalla thart ar fadó ach tá sé leaghtha anois. Níl tobhair Braonán chomh tábhachtaighe le Tobair Cormhaich.Déanann na daoine thart timcheall na h-áite seo stáisúin ag Tobhair Cormaich gach blíain ón cuigheadh lá déag do Lúghnasa go dtí an t-óchtmhadh lá do Méadhan Fógmhair. Teidhteart ann trí uaire. Teidhtear ann lá ar bith idir na dátaí úd. Teidhtear ann le h-aghaidh leigheasanna nó le rud a cáill siad. Seo íad na paidreacha a deirtear ann. Ar dtús(leanann ar an chéad leathanach eile)