Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0086
  3. XML “Toirneach agus Tintreach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Toirneach agus Tinntreadh.
    Oidhche fadó chuaidh cúpla fear isteach i dteach mór atá thoir i gCaireachaigh. Ar a dtugtar Teach Mór an Cnuic. Chuaidh an cúpla fear seo isteach agus buail an tinntreach ceann acu agus marbaigh sé é. Buaileann sn tinntreach ar an teach sin gach uair a tagann sé agus bagann se píosa dó. Nuair atá tinntreach ná toirneach ann. cuitear amach an tlú mar tainnigeann an tinntreach ar. Coigligtean an teine agus deirtear an páidrín. Mar a dteigh sé amach an doras ná suás an simleár deanfaid sé poll san úrlár agus rachaidh sé faoi'n talamh.
    Ní dhéanann sé aon dochar nuair a bhíonn sé as tinntreach do aon duine atá taobh istigh de trí míle de sgeach Colmcille.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. toirneach agus tintreach (~109)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig Ó Coinceanainn
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Coinceanainn
    Inscne
    Fireann