Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Anach Cuain
- XML Leathanach 0091
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Treabhtar an talamh agus fuirsightear i dtosaigh. Annsin deantar na druilleannaí, sgartar na sgiollán (sgoillteóga) i dtóin an druill agus cuirtear falach orra le laidhe. Faoi cheann cúpla lá sgartar an taoileach agus dúntar iad leis an gcéachta dúbailte. Taréis seachtaimhe leagtar iad le píce ceithre ladhar agus fágtar mar sin iad go ceann trí mí go leith ná mar sin agus annsin lonuightear iad. Cuirtear "spray" orra ag leis an dubhean a chosg.
Baint na bFataí
Le laidheacha a bhíodh na daoine dhá mbaint suim blianta ó shóin ach fuair siad amach go raibh an ceachta indon iad a bhaint ach bheadh ar na daone iad a chrúabháil amach as an gcré'fóig tar éis iad a fhoscailt. Piocann na piocadóirí iad annsin le buicéaid agus cuireann siad na cinn beaga i malaí agus tugtar abhaile iad agus tugtar do na mucaí iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padhraig Ó Coinceanainn
- Inscne
- Fireann