Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Anach Cuain
- XML Leathanach 0052
- XML “An Fear Oibre ag a Phá Lae”
- XML “Tarraingt an Mheacain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Chuaidh Domhnall amach maidin sheaca ag baint mheacan. Rug sé ar an meachan ach ní raibh sé indon shú ná shá, thuca ná thaca ná é a tharraint. Annsin chuaidh Domhnall ar an árd agus ghlaoidh sé go h-íseal 's go h-árd ar chongnamh mór láidir a thairneochadh an meachan. Tháinig sin aige Aonúil A' Bolcán. Rug Aonuil ar Dhomhnall, agus rug Domhnall ar an meachan ach ní rabh siad indon a shú' ná a sháthadh thucad nó thaca nó é a tharrainnt. Chuaidh Domhnall ar an árd aríst agus ghlaoidh sé go h-íseal 's go h-árd ar chungnamh mór láidir a thairneochadh an meachan. Tháinig sin aige Dó-úil A Bolcán. Rug Dó-úil ar Aonúil, rug Aonúil ar Dhomhnaill agus rug Domhnall ar an meachan agus ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)