Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0053

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0053

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0053
  3. XML “Tarraingt an Mheacain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad a indon a shú ná a sjá, thuca ná thára ná é a tharraint.
    Chuaidh Domhnall aríst ar an árd agus ghlaoidh sé go h-íseal 's go h-árd ar chongnamh mór láidir a thairneochadh an meachan. Tháinig sin aige Trianail A Bolcán. Rug Trianail ar Dóúil, rug Dó-úil ar Aonúil, rug Aonúil ar Dhomhnall, rug Domhnall ar an meachan ach ní raibh siad i ndon a shú ná a shá, thuca ná thaca, ná é a tharraint....
    Leantar mar sin suas go Dó-dhéag...
    Rug Dó-dhéag ar Aoin-dhéag, rug Aoindhéag ar Dheicneabhar, rug Deichneabhar ar Nambhar, rug Nambhar ar Ochtar, rug Ochtar ar Seachtar, rug Seachtar ar Sheisear, rug Seisear ar Cuigiúil rug Cúigiúil ar Cearbhaill rug Ceathrúil ar Trianail, rug Trianail ar Dhóúil, rug Dóúil ar Aonúil, rug Aonúil ar Dhomhnall, rug Domhnall ar an meachan, agus tharraing siad as na fréamhacha é!
    Séard a bhí ann ná Dreoilín agus a do-dhéag scaltáin ag iarraidh péist a tharraint le h-aghaidh an bricfeasta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Baghaoil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lisín an Óráin, Co. na Gaillimhe