Scoil: Cluain le Fán (uimhir rolla 12817)
- Suíomh:
- Cloonliffen, Co. Mayo
- Múinteoir: Seán Ó Callaráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain le Fán
- XML Leathanach 228
- XML “Na Malraigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lánamhain ann uair amháin, agus bhí beirt malraigh acú. Fuair an bean bás, agus pósadh an fear arít. Nior mhaith leis an leas-mhatair na páistí.Aon lá amhain cuaidh an leas-mathair go dtí an coill, agus do thug sí na páistí léithí. Rinne an leas-mathair teine mor, agus d'fhág sín na malraigh le h-ais na teinead agus caiadh sí abaile. Tar-eis tamaill bhí na páistí ag dul amúgha san gcoill.
Tar - eis tamaill thainig siad go teach a bhí 'san coill. Bhí sean bhéan 'san teach. Bean grána a bá eadh í, agus bhí slaitín draoideacha aichí. Cuaid an sean bhean amach le h-aghaid brosna mónad. Ní leigfheadh an sean bhean na páistí amach. Nuáir a bhí sí imthigthe fuair na páistí an slaitín araóidheachta agus chuaidh siad abaile. Nuair a srois siad an teach bhí an leas-mathair marbh agus bhí failte mór ag a n-athair rompa.- Faisnéiseoir
- Bean Ní Griobhthá
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Caher, Co. Mayo