Scoil: Cluain le Fán (uimhir rolla 12817)

Suíomh:
Cluain Luifin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Callaráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain le Fán
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “An Bhean ag Sníomh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean-bean 'na cómnuidhe i gConndae Mhuigheó blianta ó shoin agus is mion minic a d'fhanadh sí 'na suidhe go mall san oidhche ag obair.
    Bhí sí ag obair go deireannach oidhche Shathairne amháin ag sníomh dí féin nuair a bhuail sean-cailleac isteach a raibh dhá adhairc uirri. D'fhiafruigh sí ar bhean-a-tighe an raibh péire cárdaí aice agus go dtuibhradh sí congnamh dí. Dubhairt an bean nach raibh aon chárdaí aici dí. "Muise, níl mise gan mo ghléas oibre féin bheith agam!" arsa an Chailleach, agus leis sin tharraing sí amach péire cárdaí as a póca agus thosaigh sí ag cárdáil.
    Níorbh fhada gur bhuail cailleach eile isteach agus dhá adhairc uirri mar an gcéadhná. Shuidh sí síos agus d'fhiafruigh sí ar bhean-a-tighe an raibh túirne aice. "Níl aon tuirne agam duit," arsa bean-a-tighe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Béarla
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ní Bhrollacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Chathair, Co. Mhaigh Eo