Scoil: Cluain le Fán (uimhir rolla 12817)
- Suíomh:
- Cluain Luifin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Callaráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain le Fán
- XML Leathanach 218
- XML “An Fear ag Siúl”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amhain, agus do cheannuigh sé culaith nuadh éadaigh do féin. Chuir sé an culaith nuadh air, agus bhí sé ag féachaint an dheas. Shil sé nach raibh cailín, no buachaill, no fear, no bean cómh deas leis. Aon lá amháin chuaid sé amach ag siubhal. Bhí fir ag obair san mbhóthar agus bhí poll mór deánta achu. Bhí an fear ag feachaint suas sa spéir. Bhí piopa ina bhéal aige, agus bata ina laimh aige. Do thuit sé isteach san bpoll mar bhí sé ag féachaint suas sa speir, agus ní fhacha sé an poll. Do tharraing na fir amach é. Bhí clábae ar a chóta, bhí clabar ar a bhríste, bhí clábhar ar a bhóna, agus bhí a cluasal lan de clábar. Annsin do cuaidh sé abhaile, agus bhí na páistí go leir ag gáirí faoí. Annsin do thosuig sé ag rioth, agus d'fhág sé line mor de uisge agus clábar ina dhiáidh.
- Faisnéiseoir
- Bean Ní Bhreatnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Cluain Éanach, Co. Mhaigh Eo