School: An Doirín (roll number 11549)

Location:
An Doirín, Co. Mayo
Teacher:
Seán Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 161

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 161

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Doirín
  2. XML Page 161
  3. XML “<span class="exact">Gráinne</span> <span class="exact">Ní</span> <span class="exact">Mháille</span> agus Acaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. B'iad na Máilligh taoisigh Acla. Nuair a bhí Gráinne i gceannas thosuigh sí ag cur suas caisleán. Tá caisleán mór amháin da cuid le feicsint fos i gCill Damhnait.
    Caisleán cearnogach atá ann agus tá fallaí an laidre faoi. Tá sé togtha taobh istigh de Béal atá an contabartach do seoltoireacht. Tá an t-uisge éadoimhin ann agus fhéadfadh loingeas mór Sasana Gráinne a leanamhaint isteach. Rud eile, tá Acaill Beag amuigh de agus ceapfadh aeine muna mbeadh fhios aige go raibh bealach i gcoir seoltóireachta isteach níos fuide na sin. Tá poll mór doimhin taobh amuigh de'n caisleán dféadfadh an Cabhlach bheith ar ancoire ann. Deirtear go mbíodh an long ceangailte de posta na leabhtan ag Gráinne idtreo go mbead sí ullamh cun siubhail láithreach dá mbeadh gádh leis. Nil fios agam céard í an blian a togadh an caisleán mar chaitheadh an cloch air a raibh an dáta sgríobhta isteach ins an uisge (Poll an Chaisleán). Bhí (ceann?) eile cosamhail le seo aici ag bun Sliabhmóir.
    I n-áirde ins na failltreaca (faragáin) os cionn Loch an Choire (Leaith) Léithe i Leith-inis Corráin tá iomhaigh gearrtha amach as cloich ar a dtugtar Pictiúir Aodh de Lása [Nóta bhí fear Seamus Ó h-Éilidhe a mhaireann agus nuair a bhí sé ag cainnt faoi thug sé Pictiúir Daivi? air tré tionáigh agus tugan na daoine Pictiúir Daivi ar an íomháigh ó shoin mar magadh] Timceall 30 bl o soin thosuigh buachaill droch-béasach ag caitheamh cloch leis agus bhain an t-sron de. Seo an fáth gur togadh an leacht sin.
    Bhí Gráinne Máille luaidhte le taoseach des na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheal O Cafferky
    Gender
    Male
    Address
    Béal Feirste, Co. Mayo
    Collector
    Seán Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Doirín, Co. Mayo