School: Boltifree (roll number 9764)
- Location:
- Buailte Fraoigh, Co. Donegal
- Teacher: Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Boltifree
- XML Page 146
- XML “Tobar Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mo.
Tá aithne agam fhéin ar mhnaoí ins an Ghleann mhór. Bhí lámh tinn aicí am amháin. Chuala sí fán tobar seo. Chuaidh sí agus rinne sí turas an mhaith. Nuair a thainig an tráthnóna ní rabh sí comh h-olc agus ní rabh sí ag biseadh mórán. Níor stad sí den guidhe agus nuair a thainig an oidhche bhí an [pian]? ar shiubhal agus bhí an athas uirthi.
Níl iasg ar bith ann. Uisge ghlan nadúrtha atá ann agus deir na daoine go bhfuil sí beannuighthe. Ní bhaintear úsáid as fá choinne oibre toighe. Ólann na daoine é fá choinne “oibre” leighis agus tógann siad cuid de abhaile leo i mbuideáil. Líontar na buideáil le blaosg bháirnigh i gcomhnuidhe.
Tá carn cloch ós cionn an tobar seo. Fágann na dáoine a théigheann annsin mion rudaí in-a ndiaidh ar na gclocha seo mar pighneacha, ciarsíurí, biorain, claspaí, gruaige agus paidríní.- Collector
- Conchubhair Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- An Srath Salach, Co. Donegal