School: Boltifree (roll number 9764)

Location:
Buailte Fraoigh, Co. Donegal
Teacher:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1093, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Boltifree
  2. XML Page 125
  3. XML “Murchadha Beag agus Murchadha Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Rinneadh faire ar an chailligh an oidhche sin arais agus caitheadh go rioghdha le lucht na faire. Nuair a bhíthear ag cur na caillighe san chomhrainn maidin lá ‘n torraimh chuir Murchadha mór ceallag na nótaí faoi na ceann mar comhailiughadh do.
    Cuireadh an chailleach annsin. An oidhche sin chuaidh an fear siubhail na roilige arais. Bhí bataill chochain leis agus súiste. D’fosgail sé an uaigh agus fuair ceallag na nótaí ‘bhí faoi cheann na caillighe. Dhruid sé isteach an uaigh arais; chuir bataill an chochain ar an uaigh, cuir teine san bhataill agus thosaigh d’á bhuaileadh leis an tsuíste.
    Bhí teach Mhurchaidhe mhóir ar amharc na roilighe agus nuair a chonnaic Murchadha is a bhean an bladhaire ag eirighe suas san spéir dubhairt siad ar aon ghuth -
    “Ó, dar fiadh, ní bhfuighidh sí arais an uair seo”.
    Lá thar na bharach chuaidh an fear siubhail go teach Mhurchaidhe mhóir agus fuair an céad. Annsin phill sé go dtí teach Mhurchaidhe bhig. Roinn sé ceallag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Informant
    Searlas Mac Meanamain
    Gender
    Male
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Cró na Doinne, Co. Donegal