Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Donegal
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lá Bealtaine.

    FÉIL EOIN
    Bíonn na páisdí ag cruinnuigheadh ádhbhar teineadh an lá seo i gcomhair teine Fhéíl Eoin an oidhche sin.

    FÉILE MUIRE
    Tuiteann Lá Féile ' Muire ar an chúigeadh lá déag de Lughnasa.

    OIDHCHE agus LÁ SHAMHNA
    Tuiteann Oidhche Shamhna ar an h-aonmhadh la tríochad de Dheireadh Foghmhair agus tuiteann lá Shamhna an lá in a dhiaidh. Bíonn feasta mór ubhlaí agus cnódhanna ag na paistí an oidhche seo. Bíonn cuid mhór cleasa ag na páistí dá nimirt le h-ubhlaí agus cnódhanna.

    OIDHCHE SHEAN SHAMHNA
    Bíonn na páístí ag gabhail thart an oidhche seo ag goid cál agus a chaitheamh i néadan dorsa ins an oidhche.

    LÁ FÉILE STIOPHÁIN
    Tuiteann sé ar an lá indiaidh lá Nodhlag.

    OIDHCHE NODHLAG
    Crochann na páísdí a gcuid stócaí suas le cois na teineadh an oidhche seo agus gheiabh siad bréagáin agus milseáin ionnta nuair a éirgiheann siad ar maidin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann