Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 002
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sé déanta amach gur chuir an Ministéar síos i n-ainm an droich fhir é agus nach dtig le duine ar bith é a fhágháil acht "Free Mason."
Máire Ní Chealachain
Baile Láir
10 adh Shamhain 1934 - Sgéal
Deirtear go bhfuil ór i bhfolach faoi charraig amuigh i gcnoc Dhruim na Gréige. Nuair a cuireadh an t-ór i bhfolach ann cuireadh tairngí i bhfastódh sa charraig. Deirtear gur goideadh an t-ór seo agus bhí na gárdaí indiaidh na ngadaidhe agus chuir siad isteach faoi'n charraig é. Tá na tairngí le feiceail ins an charraig go dtí an lá atá indiu ann. Deirtear go dtug beirt fhear darbh aimn Searlaigh Ó Duibhre agus Murchadh Láin Mhóir as an Dumhaigh Bhig iarraidh é a thógail
uair amháin. Ní luaithe bhí an chéad bhuille tugtha aca ná tháinig tarbh mór anuas agus thug iarraidh ortha. Theich siadsan agus an tarbh in a ndiaidh agus thar a mbás a bhain siad an abaile amach. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu cha dtug duine ar bith iarraidh an t-ór a fhágháil.
Tomás Mac an t-Saoir,
Seanach,
12adh Samhain 1934- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Donegal