Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Tá ór faoi chrann i ngarradh an Mhinistéir i dTamhnaigh. Bhí sean Mhinistéar i n-a chomhnaidhe ins an áit sin uair amháin agus bhí cuid mhór óir aige. Bhí an oiread sin aige nach rabh fhios aige caidé le déanamh leis. Sul a bhfuair sé bás chuir sé i dtaisgidh faoi corp chrann i n-a ghárradh fhéin é. Nuair a bhuail an bás é bhí sé ag cainnt leis fá na chuid óir. Bhí fear ag obair leis an Mhinistéar i gcomhnaidhe agus bhí sé ag rádh go rabh fhios aige ca rabh an t-ór. Nuair a chualaidh athair mór m'athar seo thug sé leis a dhearbhrathair agus Maighistir Ó Dorraidhean maighistear a bhí ins an Bhaile Láir agus chuaidh siad suas a chuartughadh. Thaisbean an fear seo dóbhtha an áit a rabh an t-ór. Thóisigh siad ag déanamh poill mhóir siós ins an talamh acht ní thiocfadh leo an t-ór a fhágháil. Nuair a bhí siad síos giota maith ins an talamh thoisigh na spádaí ag léimnigh in a gcuid lámha. Tháinig sgaifte mór préachan agus thoisigh siad ag buaileadh na bhfear le na gcuid eiteógaí. Fir mhóra, láidre a bhí ionnta acht ma bhí siad láidir fhéin b'éigin dobhtha teicheadh le h-eagla. Ní dhearnadh an darna h-iarraidh leis an t-ór a fhágháil.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chealachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall