Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an é gur chuir siad barraidheacht phúdair ins an gunna no go rab' an gunna ro shean (sean ghunna a bhí ag Seringapatam a bhí ann) nuair a sgaoil siad pleasc an ghunna 'na gcunamar agus h-obair gur mharbhuigh se iad uilig. Bhí seachtmhair no ochtmhair acú loite, act chan fhuair daoine acu bas. Chuir sin deireadh le na gcuid sport an oidhche sin.
SEAN MHAINISTEAR CLUAN DÁ CHORCAIGHFa tuairm míle go leith den deiscirt Dhúin Fionnacaid tá sean roilig; sé sin an rud amháin atá fágtha de'n mhainistear mór a bhí shuidhte annseo san am fadó. Sé Mac Suibhne na dtuath a cur an mainistear seo ar bhun an chéad uair agus fhád agus mhair na Mic Shuibhne san dtuath mhair an mainistear. Sé Tobhair na Fogluim a bhí ins an mhainistear seo, agus fuair an díleacht, an tinn, an bocht, agus siubhailtear cuideadh agus leabaidh ann.Acht san deireadh tháinig an droch lá ar an mhainistear mhór! Tháinic an t-éirigh amach 1641. Mhair na brathairí, agus a gcuid scolairí gan baint no troiblid ó daoine ar bith suas go dtí an am seo, acht nuair a bualadh an t-Easbug, Mac Maithghamhna ag an Scaraibh Sholuis san bliadain 1650 bhí an deireadh comhgarach; san t-samhradh 1651 tháinic drong shaighdhiur de cuid Chromail thart agus dhóigh siad an mainistear, agus níor fhág siad a dhath acht na ballaí. Tá sean sgéal ameasg na daoine annso fa dtaobh dó an lá seo. D'innis mo mhathair mhór damh, nuair a bhí sí óg, se sin níos mo no chéad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)