Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 211
- XML “Séamus Ó Domhnaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an cuarach leath lán ag Shéamus. Bhí an ghaoth ag seideadh ar an aird ó deas rith an ama, acht cha rabh sé ro-láidir, acht bhí néal mór dubh ag crochadh ar na sléibhthe agus bhi cuma gruama ar an aimsear, acht bhí ac' a'n rud ag dul ar aghaidh comh maith sin le Séamus go ndearn se dearmad ar an aimsear.Fa tuairm a h-aon deag a chlogh thainic cioth trom síos acht is cuma le Séamus, 'na i lár an cioth fuair sé an trosc a ba mó a fuair sé an lá sin, agus go díreach nuair a bhí se ag reitigh an dubhain as beál an troisc cualaidh sé rud ínteacht ag teacht. D'amharc sé suas agus caidé chonnaic sé ag teacht síos ar acht séidan mór ghaoithe. Bhí an séidean comh láidir sin go rabh an t-uisge faoi uilig bán. "Sin droch comthra" arsa Séamus leis-féin, agus chaith se ua an trosc agus an ruaim agus fuair sé greím ar na máide ramhaidh, acht súl a rabh sé socraigh i gceart bhuail an séidean eile, agus thoisigh Séamus ag tarraingt, acht ma tharraing feín, cha rabh moran mhaith ann. Fear láidir a bhí ann Shéamus acht ma bhí, bhí an ghoath níos láidre no é. Conbhuigh sé a thalaimh i n-eadan na gaoithe cupla uair a bhí an storm ag éirigh níos láidre agus níos láidre le gach séidean, agus san deireadh beigean le Séamus bocht a thabhairt suas, agus d'imthigh an chuarach leithí ag rith roimh an ghaoth amach go dtí doimhneacht na fairrge.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)