School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 12

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 12

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 12
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin acú. Fuair an mháthair bás. Phós an fear arais acht ní rabh an bhean seo go h-iongantach maith dó'n ghiorrsach.

    (continued from previous page)
    mharbhochadh siad í, a chuid cnámha a chaitheadh isteach 'sa tobair. Rinne an ghiorrsach seo ach nuair abhí sí ag dul go dtí an tobar, thuit ceann dos na cnámha uaithi ar an dtalamh agus d'imthigh an madadh leis. Níl leigfeadh siad an giorrsach seo leobhtha agus d'imthigh siad fein. Tháinig an chaorach dhubh isteach agus gan uirthí ach trí cosa. D'iarr sí ar an ghiorrsach slat a thabhairt léithe agus go rabh leac ins an pháirc agus é a bhualadh leis an t-slat agus go bhfoscaladh an leac agus go bhfuigheadh sí cé bith a bhí a teasdáil uirthí. Fuair sí capall deas fosta agus d'imthigh sí léithe. Tháinig an rí amach agus thóg sé (an) anuas dó'n bheathach í. Thug sé isteach go dtí an halla damhsa i agus cha dtug sé ar damhsa do chailin arbith an oidhche sin acht í. Ach bhí éad ar na mná uilig (ach) leis an cháilin óg dóigheamhail abhí leis an ríogh. Ach ar mheadan sleannuigh sí ar shiubhail agus chuartaigh an rí in achan áit fa na coinne ach ní rabh gar ann. Ní bhfuair sé ach bhróg a chaill sí. Chongbhuigh sé an bhróg go bhfuifeadh sé ce dó a i mbéadh sé foirstineach. Cé bith duine a mbéadh an bhróg foirstineach do phósfhadh sé í. Bhí achan duine ag cur ortha na bróga ach ní rabh sí foirstineach do dhuine ar bith acú. Shil an leas-mháthair go mbéadh sé foirstineach do a cuid ingheanacha féin. D'foghluigh siad an leas-inghean ar eagla go mbéadh sí foirstineach díthe. Nuair abhí sí ar achan duine acú ní rabh sí foirstineach do dhuine ar bith acú. D'fhiosruigh an prionnsa arbh é sin an t-iomlan acú. Dubhairt siadsan gurab eadh. Nuair abhí sé ag imtheacht síos an bhealach mhór, tháinig spideóg aige agus d'innis sé dó go rabh giorrsach eile i bhfolach acú. Chuaidh seisean isteach agus fuair sé í. Chuir sé uirthí an bhróg agus bhí sé foirstineach aicí agus phós sé í. Bhí an cuid eile uilig an mhí shásta leithe ach caidé thiocfadh leobha a dheánamh. Sin mar a fuair an leas-inghean mac an ríogh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Informant
    Seosamh Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    An Mhín Mhór, Co. Donegal