School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 68

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 68

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 68
  3. XML “Orthaí agus Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Orthaidhe agus léigheasanna.
    Tá an t-eolas seo i mbéalaibh gach duine 'san áit.
    1. "Sráithe leónta" sin léigheas a thig a dheanamh ar leónadh. Ní thig le 'achán duine snáithe leónta a dheanamh. Geibh an duine ata i n-innibh an órr-aidhe seo a dheanamh lín agus gnidheann sé snáithe amach as, san am ceadhna deir sé urnaighe éigin. Gnidhtear an léigheas seo do duine agus do beathach. Chaithfear an snáithe seo a chur ar an áit atá leónta agus ní thig é a bhaint de go druitidh sé uaidh fhéín.
    2. "Órthaidhe an dúileagan". Léigheas ar dúileagan in do shúil. Corr duine ata in innibh an léigheas a dheanamh. Geibh sé soitheach uisge agus 'iarrann sé ar 'ach'án duine amarc 'san uisge go bhfeicfidh siadsan an bhfuil duíste ar bith ann. Cuireann sé bolgam de'n uisge isteach ina bhéal agus coinnigheann sé in a bhéal é agus é ag urnaighe 'san an chéadhna. Annsin caitheann sé amach arís é isteach 'san t-soitheach agus bíonn an dúileagan ins an uisge a caith sé amach.
    3. "1."Léigheas fáithne" seilide a chumailt do agus dul a chur ar an seilide agus é a cur ar théad ag, buachallan buidhe, na bacán a shathugadh d-o[?].
    2. Tobar beag uisge a fhaghail i gcarraigh gan tú do cuartuighadh agus á cuimilt do.
    3. Giota fheola a ghuidh agus a cimilt air agus annsin é a cuir faoin talamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. charms (~104)
    2. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish