School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 11

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 11

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 11
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin acú. Fuair an mháthair bás. Phós an fear arais acht ní rabh an bhean seo go h-iongantach maith dó'n ghiorrsach.

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin acú. Fuair an mháthair bás. Phós an fear arais acht ní rabh an bhean seo go h-iongantach maith dó'n ghiorrsach. Chonbhuigh sí amuigh ag buachailleacht í. Nuair a thiocfadh sí tráthnóna d'fhiafrochadh an mháthair díthe caidé'n cineál áit é a bhí aici.Deirfeadh sise go rai bh áit iongantach maith aici. Rinne an leas-mháthair amach go gcuirfeadh sí an inghean go bhfeicfeadh sí caide'n cineál áite a bhí aici.Chuaidh sí amach ar chnoc, thuit sí ina codladh agus nuair a mhusgail sí bhí an chaora dhubh ina seasamh ag taobh an ghiorrsaigh eile. Thug an chaora dhubh slat do'n leas-inghean agus d'iarr sí uirrthi an chéad phréachán a rachadh thart é a bhuaileadh leis an t-slat agus go dtionntóchadh sé isteach ina leac. Rinne sise seo. Ansin rinne an chaora dhubh réidh dinnéar don ghiorrsach ar an leac.Cuaidh bean eile 'na bhaile agus d'inis sí an t-iomlán do na mháthair.Rinne sí amach nach raibh gar ar bith í a chonbhuilt ar an chnoc ní ba mhó ná go raibh dóigh rómhaith uirthi.Thug sí 'na bhaile í. Bhí damhsa ag an ríogh oidhche amháin agus fuair siad uilig cuireadh a dhul ann. Sular imigh an leas-mháthair ag an damhsa mharbh siad an chaora dhubh a bhí ar an chnoc. D'iarr an chaora dhubh ar an ghiorrsach nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Informant
    Seosamh Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    An Mhín Mhór, Co. Donegal