School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
Lunniagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Filter stories

Back
/ 075 Forward
Resolution: Low | High
Luinneach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

siad. Nuair a tháinig siad go dtí an áit d'obair siad go bhfuair siad an t-ór.
Thosaigh siad agus líon siad na málaí. Nuair a bhí na málaí lán, dubhairt an mac gur mhór an truaigh nach rabh níos mó málaí aca.
D'imthigh sé na bhaile fuair sé níos mo málaí agus ag teacht ar ais dó bhí an t-athair agus an t-ór ar shiubhal.

Bhí gasúr ann am amháin agus cuireadh amach ar fástodh chun an lagain é. Bhí sé ar fástodh ag feirmeóir agus bhí áit maith aige.
Lá amháin bhí sé ag buaileadh fudar agus chonnaic sé bean an toighe ag teacht agus d'imthigh sé bhfolach ins an fhudar.
Bhí mac ag an mhnaoi seo. Bhí sí pósta dhá uair agus bhí mac aici an céad uair

(continues on next page)
Collector
Bríghid Ní Colla
Gender
female
Age
13
Informant
Seósamh Ó Colla
Gender
male
Age
50
Language
Irish