School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
Lunniagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Filter stories

Back
/ 075 Forward
Resolution: Low | High
Luinneach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

an bruach, agus bhí sean-bhean ina suidhe faoi an bhruach.
Deir na seandaoine go dtig leis na mná gearrfhiadh a dhéanamh daobhta féin maidín lá Bealtaine úire.

Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí mac amháin aici. Bhí bó mhór bhreac aca, agus bhí sí ar téad i bpáirc i gcúl an toighe. Bhí sí ag éirighe sean agus marbh siad í agus d'ith siad í.
Ach aon lá nuair a bhíodh an mac amuigh ar an chaoran tchifeadh an bhean cailín agus bó bhreac leithe a chur ar téad ins an pháirc i gcúl an toighe, agus bhí sí cinnte gur badh í a ceann féin a bhí ann. D'innis sí seo dó'n mhac agus lá amháin choimhead sé féin agus chonnaic sé fear agus bó bhreac leis

(continues on next page)
Collector
Caitlín Ní Dhomhnaill
Gender
female
Age
13
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Informant
Máire Ní Dhomhnaill
Gender
female
Age
64
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Language
Irish